FÚINN / About Us

Is craobh de Chonradh na Gaeilge muid i gceantar na hÓmaí. I 2014 tháinig grúpa Gaeilgeoirí áitiúla le chéile le grúpa Gaeilge a chur ar bun. Oibrímid leis an teanga a chur chun cinn ar an Ómaigh trí imeachtaí a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí, do cainteoirí líofa Gaeilge, do dhaoine óga agus do theaghlaigh, chomh maith le heolas a chur ar fáil do pholaiteoirí, eagraíochtaí náisiúnta agus pobal na Gaeilge.
We are a branch of Conradh na Gaeilge (the Gaelic League) based in the Omagh area. In 2014 a group of local Irish speakers came together to set the group up. We work together to promote he language in Omagh through organising events for learners, for fluent speakers, for young people and for families, as well as lobbying and informing politicians, national organistions and the wider Irish language community,
I 2016 d’éirigh linn maoiniú a fháil faoin Scéim Pobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge le hOifigeach Forbartha Gaeilge a fhostú le bheith ag obair ar chlár oibre ceithre bliana. Tá feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag an Oifigeach, mar aon le feidhmeanna a bhaineann le forais eile a fhorbairt ina mbeadh an Ghaeilge á húsáid agus á chur chun cinn ar leas an phobail.
In 2016 we were successful in receiving fundng under the Scéim Pobal Gaeilge scheme offered by Foras na Gaeilge to employ an Irish Language Development Officer on a four year scheme. The Officer’s duties involve facilitating and creating networks, as well as developing institutions in which Irish will be used and promoted for the benefit of the community.
Coiste Phobal Ar A’n Iúl
Seo cuid d’ár gcoiste ag imeachtaí éagsúla:
Here are some of our committee members at various events:

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh bhaill úra, mar sin bígí i dteagmháil!
We are always open to new members and welcome anyone who wants to help, so get in touch if this is something you’d like to do!
CARTLANN / Archive
Tá cuid mhor bainte amach ag Pobal Ar A’n Iúl ó bunaíodh sa bhliain 2014 é. Brúigh anseo chun ár gCartlann a fheiceáil!
Pobal Ar A’n Iúl has achieved a lot since being established in 2014. Click here to visit our archive!





