GRÚPA LÉITHEOIREACHTA / Irish-Language Reading Group

Tiocfaidh an grúpa seo le chéile ar bhonn seachtainiúil chun ábhair éagsúla a léamh agus a phlé, béaloideas áitiúil, iriseoireacht chomhaimseartha agus gearrscéaltaí eile san áireamh.
Sa dara leath den seisiún, pléifidh muid ábhair éagsula, ó chúrsaí a bhaineann leis an Ghaeilge go dtí cúrsaí móra an tsaoil. Le cuidiú Dé, titfidh díospóireacht nó dhó amach eadrainn chomh maith!
Beidh fearadh na fáilte romhaibh freastal ar an Chlub Scannánaíochta a bheidh ar siúl roimh an seisiún seo chomh maith!

