Óige agus Pobal

ÓIGE AGUS POBAL / Youth and Community

Oibríonn Pobal Ar A’n Iúl le daoine óga agus leis an phobal níos leithne ar bhealaí éagsúla chun an Ghaeilge a chur cinn:

  1. Clubanna Óige – Tá dhá Chlub Óige ag Pobal Ar A’n Iúl chun freastal ar Ghaeilgeoirí óga agus chun deiseanna a thabhairt dóibh an Ghaeilge a úsáid le cairde ar chomhaois leo taobh amuigh den seomra ranga nó den bhaile.
  2. Teaghlaigh – Eagraíonn Pobal Ar A’n Iúl neart Laethanta Teaghlaigh agus Turais Teaghlaigh i rith na bliana, chomh maith le Grúpa Tuistí agus Leanaí.
  3. Scoláireachtaí – Cuireann Pobal Ar A’n Iúl scoláireachtaí ar fáil chun cuidiú le muintir na hÓmaí (daoine óga agus daoine fásta) dul ar chúrsaí Gaeltachta.
  4. Fondúireacht Feamainne – Scoláireacht £6,000 ar fáil do dhaltaí ó mhórcheantar na hÓmaí atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ar an Ollscoil.
  5. Siopa – Bíonn táirgí Gaeilge agus cártaí Gaeilge ar díol againn go rialta.

Pobal Ar A’n Iúl works with young people and the broader community to promote Irish in a number of ways:

  1. Youth Clubs – Pobal Ar A’n Iúl runs two Youth Clubs for young Irish speakers to provide them with opportunities to use Irish with their peers beyond the classroom and home environments.
  2. Families – Pobal Ar A’n Iúl organises several Family Days and Family Trips for Irish Speakers throughout the year, as well as a Parents and Toddlers Group.
  3. Scholarships – Pobal Ar A’n Iúl provides scholarships to financially assist people from Omagh (children and adults) in attending Irish-language courses in the Gaeltacht.
  4. Seaweed Trust Scholarship – A £6,000 Scholarship is open to applications from secondary school students from Omagh who intend on studying the Irish language at university.
  5. Shop – We regularly sell Irish-language products and seasonal cards.