Féile Pheadair Joe 2020

Beidh Féile Pheadair Joe 2020 ar siúl i mbliana ón Déardaoin 24 Meán Fómhair go dtí Domhnach 27 Meán Fómhair. Seo an 14ú bliain den fhéile a dhéanann comóradh agus ceiliúradh ar Pheadar Joe Haughey, seanchaí agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain. 

Tá an fhéile eagraithe ag Francis Clarke, garmhac de Pheadar Joe Haughey, ag Pobal ar a’n Iúl (craobh Chonradh na Gaeilge ar an Ómaigh) agus ag An Creagán, le maoiniú ó Scéim na bhFéilte ag Foras na Gaeilge. De dheasca shrianta Covid-19, rinneadh an cinneadh cuid de na himeachtaí a eagrú ar líne chun cloí leis an chomhairle agus na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair. Dúirt Ciarán Mag Uidhir, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Pobal ar a’n Iúl gur, ‘am corrach do ghrúpaí Gaeilge atá ann ach b’éigean dúinn cinneadh a dhéanamh gan féile a eagrú i mbliana nó glacadh leis an chur chuige nua atá go mór mar chuid d’ár saol na laethanta seo agus an fhéile a eagrú ar líne. Tá scoth na n-imeachtaí eagraithe agus is mór is fiú do dhaoine clárú do gach imeacht ag an seoladh ríomhphoist oifigeach@pobalaraniul.com.’ 

Cuirfear tús leis an fhéile Déardaoin 24 Meán Fómhair ar a 8in le caint thar ZOOM ar logainmneacha an cheantair, ag díriú go háirithe ar théarmaí coitianta do shléibhte sna Spéiríní agus i gCúige Uladh. Is iad Paul Tempan agus Ruairidh McClean a bheas i mbun na léachta agus beidh siad ag tagairt do codarsnachtaí idir na logainmneacha sa cheantar agus cuid de na Tíortha Ceilteacha eile. 

Dé hAoine 25 Meán Fómhair beidh an Oíche Ghaeltachta le feiceáil ar leathanach Facebook Phobal ar a’n Iúl ó 8in ar aghaidh. Is iad na ceoltóirí Máire Ní Choilm, buaiteoir Chorn Uí Riada 2019, agus an t-amhránaí mórchlú Irial Ó Ceallaigh as Contae Phort Láirge na ceoltóirí a mbeidh ag canadh is ag caint ar an oíche. Déanfar plé ar a gcuid amhrán agus ceird na hamhránaíochta. 

Beidh dhá imeacht ag titim amach ar an Satharn; idir 11rn agus 1in beidh Ciorcal Comhrá ar siúl le deis roimh Ghaeilgeoirí páirt a ghlacadh óna mbailte féin. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine cláraithe chun an nasc ZOOM a fháil roimh ré. Ansin ar 12 beidh imeacht ar siúl in An Creagán do na teaghlaigh atá ag tógail a gcuid páistí trí Ghaeilge. Scléip agus spraoi sa Wild Wood atá beartaithe. 

Cuirfear deireadh leis an fhéile Dé Domhnaigh le siúlóid ag toiseacht ar 11rn ag carrchlós Ghleannta Ghoirtín. Paul Tempan a bheidh mar threoraí ar an siúlóid agus beidh sé ag roinnt eolais maidir leis na logainmneacha agus an dúlra atá le fáil sa cheantar. 2 uair a chloig a mhairfidh an tsiúlóid agus moltar do dhaoine clárú le bheith ar an eolas faoi aon athruithe. 

Tá sé riachtanach go mbeidh daoine cláraithe chun páirt a ghlacadh in aon imeacht agus go leanfar gach comhairle sláinte poiblí. Is féidir le daoine bheith ar an eolas faoi aon athrú ar na himeachtaí ag leathanach Facebook Phobal ar a’n Iúl: https://www.facebook.com/pobalaraniul/. 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *