Scoláireachtaí Gaeltachta 2023 ar fáil!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil roinnt scoláireachtaí againn i mbliana do dhaoine óga chun freastal ar chúrsa Gaeltachta i rith an tsamhraidh.

Tá fáilte roimh iarratas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ach bain úsáid as cibé Gaeilge atá agat!

Tá na scoláireachtaí seo dírithe ar cheantar na hÓmaí amháin. Faraor, ní thig linn scoláireachtaí a thabhairt amach i gceantair ina bhfuil craobh eile de Chonradh na Gaeilge ag tabhairt amach scoláireachtaí. Beidh láncheart ag Pobal ar a’n Iúl critéar a leasú nuair is gá.

Cuir na foirmeacha (agus aon cheisteanna) chomh maith leis an litir thairisceana ón Choláiste Gaeltachta ar ais chuig oifigeach@pobalaraniul.com

Dáta deiridh: 5pm Aoine 5 Bealtaine  

Go n-éirí libh!

We are delighted to announce that we have scholarships available this year for young people attending Gaeltacht courses during the summer

Applications in both Gaeilge and Béarla are welcome, but we encourage you to use as much Gaeilge as you can!

These scholarships are for those from the wider Omagh area only. Unfortunately we cannot give out scholarships to those in areas where another branch of Conradh na Gaeilge is also giving scholarships. Pobal ar a’n Iúl reserves the right to amend the criteria of the scheme where needed.

Send your applications (along with any questions) and the letter of offer from the Gaeltacht college to oifigeach@pobalaraniul.com

Closing date: 5pm Friday 5 May

Go n-éirí libh!

Féile Pheadair Joe 2020

Beidh Féile Pheadair Joe 2020 ar siúl i mbliana ón Déardaoin 24 Meán Fómhair go dtí Domhnach 27 Meán Fómhair. Seo an 14ú bliain den fhéile a dhéanann comóradh agus ceiliúradh ar Pheadar Joe Haughey, seanchaí agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain. 

Tá an fhéile eagraithe ag Francis Clarke, garmhac de Pheadar Joe Haughey, ag Pobal ar a’n Iúl (craobh Chonradh na Gaeilge ar an Ómaigh) agus ag An Creagán, le maoiniú ó Scéim na bhFéilte ag Foras na Gaeilge. De dheasca shrianta Covid-19, rinneadh an cinneadh cuid de na himeachtaí a eagrú ar líne chun cloí leis an chomhairle agus na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair. Dúirt Ciarán Mag Uidhir, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Pobal ar a’n Iúl gur, ‘am corrach do ghrúpaí Gaeilge atá ann ach b’éigean dúinn cinneadh a dhéanamh gan féile a eagrú i mbliana nó glacadh leis an chur chuige nua atá go mór mar chuid d’ár saol na laethanta seo agus an fhéile a eagrú ar líne. Tá scoth na n-imeachtaí eagraithe agus is mór is fiú do dhaoine clárú do gach imeacht ag an seoladh ríomhphoist oifigeach@pobalaraniul.com.’ 

Cuirfear tús leis an fhéile Déardaoin 24 Meán Fómhair ar a 8in le caint thar ZOOM ar logainmneacha an cheantair, ag díriú go háirithe ar théarmaí coitianta do shléibhte sna Spéiríní agus i gCúige Uladh. Is iad Paul Tempan agus Ruairidh McClean a bheas i mbun na léachta agus beidh siad ag tagairt do codarsnachtaí idir na logainmneacha sa cheantar agus cuid de na Tíortha Ceilteacha eile. 

Dé hAoine 25 Meán Fómhair beidh an Oíche Ghaeltachta le feiceáil ar leathanach Facebook Phobal ar a’n Iúl ó 8in ar aghaidh. Is iad na ceoltóirí Máire Ní Choilm, buaiteoir Chorn Uí Riada 2019, agus an t-amhránaí mórchlú Irial Ó Ceallaigh as Contae Phort Láirge na ceoltóirí a mbeidh ag canadh is ag caint ar an oíche. Déanfar plé ar a gcuid amhrán agus ceird na hamhránaíochta. 

Beidh dhá imeacht ag titim amach ar an Satharn; idir 11rn agus 1in beidh Ciorcal Comhrá ar siúl le deis roimh Ghaeilgeoirí páirt a ghlacadh óna mbailte féin. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine cláraithe chun an nasc ZOOM a fháil roimh ré. Ansin ar 12 beidh imeacht ar siúl in An Creagán do na teaghlaigh atá ag tógail a gcuid páistí trí Ghaeilge. Scléip agus spraoi sa Wild Wood atá beartaithe. 

Cuirfear deireadh leis an fhéile Dé Domhnaigh le siúlóid ag toiseacht ar 11rn ag carrchlós Ghleannta Ghoirtín. Paul Tempan a bheidh mar threoraí ar an siúlóid agus beidh sé ag roinnt eolais maidir leis na logainmneacha agus an dúlra atá le fáil sa cheantar. 2 uair a chloig a mhairfidh an tsiúlóid agus moltar do dhaoine clárú le bheith ar an eolas faoi aon athruithe. 

Tá sé riachtanach go mbeidh daoine cláraithe chun páirt a ghlacadh in aon imeacht agus go leanfar gach comhairle sláinte poiblí. Is féidir le daoine bheith ar an eolas faoi aon athrú ar na himeachtaí ag leathanach Facebook Phobal ar a’n Iúl: https://www.facebook.com/pobalaraniul/. 

Seoladh Chlár Raidió agus Caint in Ionad Ealaíne na Sruthaile

Seolfar clár raidió atá déanta i nGaeilge ag Comhairle Fhear Manach agus na hÓmaí in Ionad Ealaíne na Sruthaile, An Ómaigh Déardaoin 14 Eanáir 2019 ar 7:30 i.n. Rinneadh an clár seo le tacaíocht airgid ón Chomhairle agus ó Chonradh na Gaeilge.

Insionn an clár scéal Mháirtín Uí Gacháin fear óg ó chontae Mhaigh Eo a tháinig go dtí an Droim Mór mar thimire taistil de chuid Conradh na Gaeilge sa bhliain 1904. D’fheidhmigh sé mar mhúinteoir agus mar ghníomhaí pobail sa pharóiste sin go dtí 1908. Tharla sé seo mar pháirt de ghluaiseacht na heagraíochta sin ar son na Gaeilge ag an am sin.

I ndiaidh seoladh an chláir raidió tabharfaidh an t-ollamh emeritius Nollaig Mac Congáil ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh caint ghearr ar stair Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1893. Ina chuid cainte beidh an tOllamh Mac Congáil ag díriú aird ar na fáthanna a bunaíodh Conradh na Gaeilge, ag amharc ar cén fáth go raibh gá lena leithéid de ghluaiseacht, ag plé a chuid aidhmeanna agus an dóigh ar fheidhmigh sé agus ar éirigh leis go dtí an Chéad Chogadh Domhanda.

Saor cead isteach a bheas ann chuig an imeacht seo a bhfuil fáilte roimh gach duine chuige. Tuilleadh eolais ar an imeacht seo nó imeachtaí Gaelacha ar bith de chuid Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí ar fáil ó Oifigeach na Gaeilge na Comhairle Caoimhín Goodwin ach glaoch a chur ar 0300 303 1777 nó r-phost a chur chuig kevin.goodwin@fermanaghomagh.com

Irish Language Radio Programme Launch and Talk in Strule Arts Centre

Fermanagh and Omagh District Council will host the launch of a radio programme in Irish in the Strule Arts Centre on Thursday 14 February 2019 at 7:30 pm.

The programme, which has been produced by the Council’s Irish language officer with financial support from Conradh na Gaeilge (the Gaelic League), tells the story of how a young Irish teacher called Máirtín Ó Gacháin came from Co Mayo to Dromore, Co Tyrone to work as a teacher between 1904 to 1908. 
This was part of the Gaelic League’s Irish Ireland movement of the time.

The launch of the radio programme will be followed by a short talk on the history of the Gaelic League, which was founded in 1893 by Nollaig Mac Congáil professor emeritus of the National University of Ireland, Galway. In his talk Professor Mac Congáil will outline the origins of the movement, discuss its aims and objectives, its was of working and its influence until WW1.

This is a free event which is open to everyone. For further information on this event or any of Fermanagh and Omagh District Council’s Irish language events please contact the Council’s Irish Officer, Kevin Goodwin, by phoning 0300 303 1777 or by e-mailing kevin.goodwin@fermanaghomagh.com